Teaching Profession Project

Teaching Profession Project

 

St Mary’s University College is set to host the second in a series of free online seminars in regard to its recently launched Teaching Profession Project (TPP).


On Tuesday, 7th December at 4.30 pm, Conall Ó Máirtín ( BBC Gaeilge and Associate Lecturer at St Mary’s University College) will chair a panel discussion on Pedagogy in Irish Medium Education. Conall will be joined by: Fionnuala Ní Mhealláin (Bunmhúinteoir, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Béal Feirste); An Dr Seán Mac Corraidh (Léachtóir Sinsearach, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste); and Caitlín Ní Ruanaidh (Ceann Roinne agus Teagascóir do Mhúinteoirí Nuacháilithe, Coláiste Feirste).


The discussion will be in the medium of Irish with subtitles in English.


The seminar will begin with a brief outline of the research guiding Irish-medium teachers. The panel will discuss the most effective strategies and resources for supporting children to learn in the target language.


Watch a recording of Seminar 2: Pedagogy in Irish Medium Education


Seimineár 2: Oideolaíocht sa Ghaelscolaíocht

Dé Máirt 7 Nollaig 2021, 4.30 pm


Tá Coláiste Ollscoile Naomh Muire réidh leis an dara seimineár i sraith de sheimineáir ar líne saor in aisce a óstáil, ag baint le Tionscadal Ghairm na Múinteoireachta, a seoladh ar na mallaibh.

Dé Máirt 7 Nollaig ag 4.30 pm, beidh Conall Ó Máirtín (BBC Gaeilge agus Léachtóir Comhlach i gColáiste Ollscoile Naomnh Muire, ina chathaoirleach ar phlé painéil ar Oideolaíocht sa Ghaelscolaíocht. Beidh siad seo a leanas i gcomhluadar Chonaill: Fionnuala Ní Mhealláin (Bunmhúinteoir, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Béal Feirste); An Dr. Seán Mac Corraidh (Léachtóir Sinsearach, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste); agus Caitlín Ní Ruanaidh (Ceann Roinne agus Teagascóir do Mhúinteoirí Nuacháilithe, Coláiste Feirste, Béal Feirste).

Is i nGaeilge a dhéanfar an plé agus beidh fotheidil i mBéarla leis.

Cuirfear tús leis an tseimineár le hachoimre ghearr ar an taighde a bhíonn ag cuidiú le hobair na múinteoirí i ngaelscoileanna. Pléifidh an painéal na straitéisí agus na hacmhainní is éifeachtaí le tacú le páistí a bhíonn ag foghlaim tríd an sprioctheanga.

Oideolaíocht sa Ghaelscolaíocht

 

Panelists

Conall Ó Máirtín - (Cathaoirleach) - BBC Gaeilge agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste
Bhain Conall céim amach sa Dlí agus iarchéim i dTeicneolaíocht an Eolais agus Dlí in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste chomh maith le teastas TICO i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Sa bhliain 2012, bhain sé céim MA amach sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil Uladh, Béal Feirste. Theagasc sé in Aonad na Gaeilge i gColáiste Cháitríona, Ard Mhacha idir 2006 agus 2017 agus anois is léiritheoir ábhair agus láithreoir é le BBC Gaeilge agus le TG4 agus léachtóir comhlach i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste ag díriú ar Theicneolaíocht an Eolais agus ar Ghaeilge.


Conall graduated in Law and as a postgraduate in ICT with Law at QUB, Belfast. He successfully completed the Irish Medium PGCE at St Mary’s University College, Belfast. In 2012, he gained an MA in Modern Irish at Ulster University, Belfast. He taught in the Irish Language Unit at St Catherine's College, Armagh between 2016 and 2017 and is now a content producer and a presenter with BBC Gaeilge with a focus on Information Technology and Irish.

 

Fionnuala Ní Mhealláin - Bunmhúinteoir, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Béal Feirste
Tá taithí 20 bliain ag Fionnuala ag obair in earnáil na gaelscolaíochta. Tá sí ag obair mar mhúinteoir i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ó 2005, agus is comhordaitheoir ar na hEalaíona ansin í. Is cathaoirleach í ar Fhéile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste. D'fhoilsigh sí roinnt áiseanna i gcomhar le CCEA - Draíocht le Drámaíocht, Fonn le Filíocht, agus Canaimis. Bhain sí teastas iarchéime amach sa Ghaeilge agus Litríocht na Gaeilge ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Ghnóthaigh sí Máistreacht san oideachas agus sa Ghaeilge ó Choláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá cáilíocht PQH aici fosta. Tá sí ag tógáil clainne le Gaeilge i mBéal Feirste. Is ball í d'Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus tá spéis ar leith aici san fhilíocht agus sa ghearrscéalaíocht.

 

Fionnuala has twenty years experience working in the Irish Medium sector. She has been a teacher in Bunscoil an tSléibhe Dhuibh since 2005 and coordinates the Arts there. She is chairperson of Féile Scoildramaíochta Bhéal Feirste. She has published some resources in conjunction with CCEA - Draíocht le Drámaíocht, Fonn le Filíocht and Canaimis. She gained a post-graduate certificate in Irish Language and Literature from QUB. She also graduated from St Mary’s University College, Belfast with a Masters Degree in Education and Irish. She has a PQH qualification as well. She is raising her family in Belfast with Irish. She is a member of Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge and has great interest in poetry and short stories.

 

An Dr Seán Mac Corraidh - Léachtóir Sinsearach, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste
Is léachtóir sinsearach i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, é an Dr Seán Mac Corraidh a fheidhmíonnn mar chomhordaitheoir ar an Chúrsa Feabhsúcháin sa Ghaeilge agus sa Ghaelscolaíocht do mhic léinn PGCE ar Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh, agus i gcomhar leis an dá institiúid sin. Is léachtóir le Léann agus Litríocht na Gaeilge é, le Léann Curaclaim agus an Oideachais, lena n-áirítear Tumoideachas, agus leis an Fhorbairt Ghairmiúil do mhic léinn faoi oiliúint. Foilsíodh a shaothar dochtúireachta faoin teideal Ar Thóir an dea-chleachtais: The quest for best practice in Irish Medium Schools in Belfast sa bhliain 2008. Tá ailt agus leabhráin eile foilsithe aige féin agus i gcomhar le comhghleacaithe ó shin, ar ábhar an Webinar seo, oideolaíocht san Oideachas Lán-Ghaeilge, ceann acu ná Gearrchosáin chomhairle ar fhoghlaim agus ar theagasc sa Ghaelscolaíocht, a d'fhoilsigh sé sa bhliain 2008 fosta.


Dr Seán Mac Corraidh is a senior lecturer at St Mary’s University College, Belfast where he is coordinator of the Irish Medium and Irish Language Enhancement Course for Irish Medium PGCE students at QUB and Ulster University, along with colleagues from those two institutions. He lectures in Irish Language and Literature, Curriculum and Education Studies, including Immersion Education and the Personal and Professional Development of student teachers. His doctoral work was published under the title Ar Thóir an dea-chleachtais: The quest for best practice in Irish Medium Schools in Belfast in 2008. He has published articles and booklets with colleagues on the subject of the upcoming Webinar including, Bitesize Advice on Learning and Teaching in Irish Medium Education, which was published also in 2008.

 

Caitlín Ní Ruanaidh - Ceann Roinne agus Teagascóir do Mhúinteoirí Nuacháilithe, Coláiste Feirste
Bhain Caitlín céim BA (le hOnóracha) amach sa Stair agus Gaeilge ar Ollscoil na héireann, Gaillimh. Ghnóthaigh sí ansin cáilíocht iarchéime san iriseoireacht ar Champas na Ceathrú Rua, Conamara de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na héireann Gaillimh. Ina dhiaidh sin, chuir sí cúrsa PGCE i gcrích i Scoil an Oideachais ag Ollscoil Uladh. Tá sí go fóill ag foghlaim agus ag gabháil d'iarchéim ag leibhéal an MEd i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Chaith sí dhá bhliain ag múineadh trí Ghaeilge i gColáiste Oiriall, Muineachán agus anois tá sí ag feidhmiú mar cheann roinne ar Roinn na Staire i gColáiste Feirste agus mar theagascóir, chomhairleoir agus threoraí do mhúinteoirí nuacháilithe sa scoil sin.


Caitlín graduated with a BA (Hons.) degree in Irish and History from NUI Galway. She went on and gained a post-graduate qualification in journalism on An Cheathrú Rua campus of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge of NUI Galway also. Later she qualified with a PGCE from the School of Education at the University of Ulster. She continues to enhance her professional learning and is presently undertaking a masters level MEd degree at St Mary’s University College, Belfast. Teaching through the medium of Irish, she taught in Coláiste Oiriall in Monaghan Town for two years and now does the same in Coláiste Feirste, Belfast where she is head of the History Department and teacher tutor to the newly qualified teachers in the school, educating, guiding, and advising them.