Irish-medium professional development opportunities at St Mary's
The Irish-medium team at St Mary's has developed a range of new professional development courses for teachers and classroom assistants in Irish-medium primary and post-primary settings. A new M-level specialist option has been designed in Irish-medium Education which begins in February 2011 with the module Ag Tacú le Litearthacht an Pháiste sa Seomra Ranga Lán-Ghaeilge/Supporting Child Literacy in the Irish-medium Classroom.
Also, a course for primary and post-primary classroom assistants Saibhriú na Gaeilge do Chúntóirí Ranga/Language Enrichment for Classroom Assistants begins in March 2011. Bursaries for both courses have been provided by the Department of Education through the Council for Irish-medium Education (Comhairle na Gaelscolaíochta).
Tarlach Mac Giolla Bhríde, Education officer with Comhairle na Gaelscolaíochta, welcomed these professional development opportunities saying:
‘These two courses are a remarkable opportunity for teachers and assistants in the Irish-medium sector to develop their skills. By providing the highest standard of professional development the courses will benefit both the educators and the pupils in our schools.’
For further information on the College’s provision for the Professional Development of Irish-medium teachers and classroom assistants please contact Eibhlín Mhic Aoidh, Senior Lecturer in Irish-medium Education, Telephone 02890268293.
Deiseanna don Fhorbairt Ghairmiúil ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire
Tá cúrsaí nua don fhorbairt ghairmiúil deartha do mhúinteoirí agus do chúntóirí bunscoile agus iar-bhunscoile ag an fhoireann lán-Ghaeilge ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire. Cuirfear tús le roghachúrsa nua san oideachas lán-Ghaeilge i mí Feabhra 2011 le modúl Ag Tacú le Litearthacht an Pháiste sa Seomra Ranga Lán-Ghaeilge.
Beidh cúrsa do chúntóirí bunscoile agus iar-bhunscoile dár teideal Saibhriú na Gaeilge do Chúntóirí Ranga ar fáil i Márta 2011. Trí Chomhairle na Gaelscolaíochta, tá Roinn an Oideachais ag cur sparántachtaí ar fáil don dá chúrsa seo. Chuir Tarlach Mac Giolla Bhríde, Oifigeach Oideachais le Comhairle na Gaelscolaíochta fáilte roimh na deiseanna nua don Fhorbairt Ghairmiúil:
‘Deis shuntasach iad an dá chúrsa seo cur le scileanna múinteoirí agus cúntóirí in earnáil na Gaelscolaíochta. Is le leas na n-oibrithe sin, chomh maith le leas na bpáistí inár gcuid scoileanna a bheidh sé, an caighdeán is airde oiliúna a chur ar fáil.’
Le tuilleadh eolais faoi na cúrsaí seo a fháil is féidir dul i dteagmháil le Eibhlín Mhic Aoidh, Léachtóir Sinsearach san Oideachas Lán-Ghaeilge trí r-phost nó le scairt ghutháin ar 02890268293.