Seoladh Dialann Cailín Óig

17 October 2011

Launch Anne Frank

Bhí scaifte maith i láthair nuair a seoladh ‘Anne Frank – Dialann Cailín Óig’ i gColáiste Ollscoile Naomh Muire Dé Céadaoin seo a chuaigh thart. Comhfhiontar a bhí ann idir Padaí de Bléine, léachtóir Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire agus CCEA. Rinneadh míle cóip den Dialann agus dáileadh a mbunús ar Ghaelscoileanna na Sé Chontae.

Dáileadh an chuid eile ar mhic léinn Choláiste Ollscoile Naomh Muire ag an ócáid Dé Céadaoin. Is ábhar oidí iad an chuid is mó de na mic léinn agus beidh an saothar ina áis mhaith acu nuair a bheas siad ina múinteoirí cáilithe sna scoileanna.

Is í Lynette Fay as BBC Uladh a sheol an Dialann. Dúirt Lynette gur ábhar maith léitheoireachta a bhí sa Dialann do dhéagóirí agus gur cuimhin léi féin gur choinnigh sí Dialann ina hóige. Bhí Seán Mac Labhraí atá ina léachtóir Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire i láthair fosta agus dúirt go ndearnadh aistriúchán fíormhaith ar an Dialann.

Launch Anne Frank

D’fhreastail Seán Mac Nia as CCEA ar an ócáid fosta. Dúirt Seán Mac Nia gur thapaigh sé an deis an Dialann a fhoilsiú nuair a chuala sé go raibh an t-aistriúchán idir lámha ag Padaí de Bléine. Mhínigh sé go raibh CCEA ag iarraidh ábhar maith léitheoireachta a chur ar fáil do dhaltaí na nGaelscoileanna. Shocair Seán Mac Nia cóipcheart na Dialainne agus na ngrianghraf fosta.

Is é ‘Anne Frank – Dialann Cailín Óig’ an dara leabhar is mó léamh i ndiaidh an Bhíobla. Is deas an rud é go bhfuil sí anois ar fáil as Gaeilge.

Bronnadh duaiseanna Fhoras na Gaeilge ar na mic léinn ar éirigh thar barr leo agus a bhain barr an ranga amach ina mbliainghrúpaí éagsúla ag an ócáid chéanna. Tá Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire an-bhuíoch den Fhoras as an tacaíocht seo.

Launch Anne Frank

< back to News Archive