Home |  Search |  Contact Us |  Website & Cookies Policy

Teacher Education


 

Struchtúr an Chúrsa:

Déantar cúrsa in oideachas trí mheán na Gaeilge a thairiscint mar bhealach roghnach tríd an chúrsa céime B.Oid (On). Tugann an cúrsa seo deis do mhic léinn an cúrsa B.Oid a dhéanamh trí Ghaeilge agus trí Bhéarla agus léargas suntasach a fháil ar shaincheisteanna oideachasúla a bhaineann leis an tumoideachas. Tá an cúrsa seo ar fáil do gach achar príomhábhair. 

Bronntar Teastas san Oideachas Dátheangach ar mhic léinn mar bhreischáilíocht leis an chéim B. Oid.. Léiríonn na cáilíochtaí seo saineolas agus sainscileanna na gcéimithe nua atá ag iarraidh cur isteach ar phostanna i mBunscoileanna agus i Naíscoileanna Lán-Ghaeilge mar aon le scoileanna in earnáil an Bhéarla.

Tá ábhar an chúrsa céime bunaithe ar riachtanais Churaclam TÉ. Le linn na gceithre bliana den chúrsa beidh diminsiún dátheangach sna modúil B. Oid.. Caithfidh mic léinn bloc nó dhó (de na ceithre cinn) de Thaithí Scoile i seomra ranga i Naíscoil nó i mBunscoil Lán-Ghaeilge agus na cinn eile i mBunscoileanna lán-Bhéarla. Déantar roinnt eilimintí den chúrsa trí Ghaeilge i mBliain 1 agus i mBliain 2. Tagann méadú ar an méid Gaeilge a úsáidtear sa chuid sin den chúrsa a dhéantar sa Choláiste i mBliain 3 agus i mBliain 4. Tá próifíl teanga an chúrsa leagtha amach thíos:

 

Staidéar Gairmiúil

Taithí Scoile

B.Oid.1 agus 2

Trí Ghaeilge:

Litearthacht

Uimhearthacht  

An Domhan Thart Orainn.

Déantar gach acharstaidéar eile curaclaim trí mheán an Bhéarla.

Déantar Staidéar Teagaisc trí Ghaeilge agus déantar gach saincheist oideachasúil eile trí Bhéarla.

 

Roinnt cuairteanna gairide ar ranganna i scoileanna Lán-Ghaeilge. 

Príomhthaithí Scoile le caitheamh i mBunscoil Lán-Bhéarla.

B.Oid.3 agus 4

Trí ghaeilge:

Litearthacht

Uimhearthacht  

An Domhan Thart Orainn.

Déantar staidéar ar shaincheisteanna tumoideachais trí Ghaeilge.

Déantar saincheisteanna oideachasúla eile agus formhór na n-acharstaidéar eile trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach.

Príomhthaithí Scoile le caitheamh i mBunscoil Lán-Ghaeilge.

Cad chuige bealach na Gaelscolaíochta?

Roghnaíonn mic léinn oideachas trí mheán na Gaeilge ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire ar na fáthanna thíosluaite : 

  • Tá borradh agus fás faoi scoileanna Lán-Ghaeilge agus aonaid Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus tá deiseanna gairmiúla den scoth ar fáil do mhúinteoirí agus d’fhostaithe eile a oibríonn iontu.

“Amach anseo, ba mhaith liom post a fháil i scoil lán-Ghaeilge agus ba mhaith liom an Ghaeilge a úsáid agus mé ag teagasc páistí ”     Máire Nig Uidhir,  B.Oid.4

Tá mo chroí istigh sa Ghaeilge agus ba mhaith liom bheith i mo mhúinteoir Gaelscoile, go háirithe ós rud é go ndearna mé féin freastal ar scoil lán-Ghaeilge.”  Duailtín Ní Mhianáin,  B.Oid.4

  • Is bealach suimiúil spreagúil trí chúrsa Chéim an Oideachais bealach an Ghaeloideachais a thairgíonn idir léargais phraiticiúla agus léargais theoiriciúla ar na  buntáistí agus ar na dúshláin a bhaineann le foghlaim trí mheán na dara teanga.

“ Bhí spéis i gcónaí agam sa Ghaeilge agus sa mhúinteoireacht agus tá clú agus cáil ar an chúrsa seo ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire” Charlene Ní Bhrádaigh,  B.Oid..4

  • Beatha teanga í a labhairt agus léirítear luach agus tábhacht na Gaeilge sa saol laethúil agus mic léinn ag foghlaim agus ag teagasc trí Ghaeilge. Níl bealach ar bith níos fearr le blas a fháil ar bhuntáistí na Gaeilge.

Bhí suim riamh agam i gcultúr agus i dteanga na Gaeilge. Tugann an chéim trí mheán na Gaeilge deis dom tréimhsí a chaitheamh i scoileanna Béarla agus i scoileanna Lán- Ghaeilge agus tugann sí deis dom bheith ag foghlaim faoin oideachas dátheangach”  Joanne Nic Giolla Earna,  B.Oid. 4

Cad é mar a thig liom iarratas a chur isteach ar an B.Oid. (dátheangach)

 

Thig le mic léinn iarratas a chur isteach ar  bhealach na Gaelscolaíochta trí chúrsa céime s’acu  a luaithe is a dhéantar áit a thairscint dóibh i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Moltar do mhic léinn an cúrsa dhátheangach seo a roghnú  sa tseachtain ionduchtaithe i mBliain 1 agus a dhul faoi agallamh ansin.

Tá cumas sa Ghaeilge riachtanach.  Ciallaíonn seo A Leibhéal nó a chomhionann sa teanga de ghnáth.

Ní gá go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhábhar céime ag mac léinn. Tá fáilte roimh mhic léinn ó Ranna eile (m.sh.  Staidéar reiligiúin, Ceol, Stair, Corpoideachas) a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu.