TICO (Teastas Iarchéime san Oideachas) san Iar-Bhunoideachas Lán-Ghaeilge

Le freagairt ar an éileamh atá ann do mhúinteoirí sainábhar in earnáil na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge, tháinig na trí institiúid, Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Ollscoil na Banríona (QUB) agus Ollscoil Uladh (UU), le chéile i bpáirtnéireacht le cúrsa iarchéime san oideachas a chur ar fáil do mhic léinn ar suim leo bheith ag teagasc san earnáil seo.

Méadaíodh an lion iontrála mac léinn don PGCE in QUB agus in UU do na hiarratasóirí sin a bhfuil suim ar leith acu post a fháil in oideachas iar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Bronnfar Teastas san Oideachas Dátheangach ar na mic léinn seo ar chomhlánú an chúrsa dóibh, mar aon leis an cháilíocht PGCE ó QUB nó UU.

 

Iarratas do TICO san Iar-Bhunoideachas Lán-Ghaeilge
Ní mór d’iarratasóirí cur isteach ar chúrsa PGCE le QUB nó le UU (ag brath ar an ábhar s’acu féin) agus a chur in iúl ar an fhoirm iarratais go bhfuil suim acu in oideachas lán-Ghaeilge. Tá ardchumas sa Ghaeilge riachtanach. Ciallaíonn seo A Leibhéal nó a chomhionann de ghnáth.


Struchtúr an Chúrsa
Leanfaidh mic léinn na cúrsaí PGCE atá deartha ag QUB nó UU ag brath ar an sainábhar s’acu féin.

Ullmaíonn QUB mic léinn le bheith ag teagasc sna hachair seo a leanas: Béarla, Matamaitic, TEC/Ríomhaireacht, Eolaíocht, Nua-Theangacha, Oideachas Reiligiúnach agus Eolaíocht Shóisialta/Saoránacht.

Ullmhaíonn UU mic léinn le bheith ag teagasc sna hachair seo a leanas: Ealaín agus Dearadh, Béarla le Drámaíocht agus na Meáin, Tíreolaíocht, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Corpoideachas agus Teicneolaíocht agus Dearadh.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na hábhair ar leith a thairgtear agus ar struchtúir na gcúrsaí PGCE ar shuímh idirlín QUB (www.qub.ac.uk) agus UU (www.ulster.ac.uk).

 

Beidh ar na mic léinn, a n-éiríonn leo áit a fháil ar an chúrsa don oideachas lán-Ghaeilge, gnéithe breise den chúrsa a bhaineann leis an oideachas dátheangach a chomhlánú. I measc na ngnéithe breise seo, beidh clár Ghaeltachta sa samhradh agus san earrach le comhlánú (15 la san iomlán), seachtain ionduchtaithe i Lúnasa 2009 agus seachtain amháin sa bhreis i Meitheamh 2010. Cuirfidh Coláiste Ollscoile Naomh Muire, a bhfuil traidisiún an-láidir acu in oiliúint mhúinteoirí don earnáil lán-Ghaeilge, an fócas dátheangach seo ar fáil.

 

Teagmháil

Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Dr Seán Mac Corraidh (Comhordaitheoir TICO don Iar-Bhunscolaíocht Lán-Ghaeilge) ar an ghuthán ag 90268283, nó tríd an ríomhphost.